Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYF36 (Lánaimseartha)
GYF37 (Páirtaimseartha)
|
Leibhéal an chúrsa
|
9
|
Fad an chúrsa
|
GYF36 Lánaimseartha -
Bliain acadúil lánaimseartha amháin
|
Réamhrá
|
Táthar ag tairiscint an chláir scoláireachta taighde seo trí chomhpháirtíocht idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise. Is í aidhm an tionscnaimh deis a thabhairt do chéimithe ón nGaeltacht, agus do chéimithe eile a bhfuil Gaeilge líofa acu, tabhairt faoi Chéim M.Sc. trí thréimhse a chaitheamh i mbun taighde ar shainréimse de Theicneolaíocht na Faisnéise.
|
|
|
|
Riachtanais Iontrála
|
Beifear ag súil go mbeidh bunchéim le honóracha ag iarrthóirí, sa Ríomhaireacht/Teicneolaíocht Faisnéise nó i réimse gaolmhar. Beidh sé riachtanach go mbeidh Gaeilge mhaith ag iarrthóirí freisin. Tá an clár oscailte do chéimithe nua agus do chéimithe a bhfuil taithí ghnó/thionsclaíoch acu.
|
Cur chuige
|
Beidh an clár á mhaoirsiú ag Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise i gcomhpháirt le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Beidh sé de dheis ag iarrthóirí a bhfuil suim acu sa chlár seo réamhplé a dhéanamh ar réimse taighde ina bhfuil spéis acu le ball foirne acadúil de chuid an chláir. Ag teacht ón bplé sin má chinntear go bhfuil an t-iarrthóir sásúil beidh ar an iarrthóir Foirm Iarratais Iarchéimí a líonadh agus Togra Taighde gearr a chur ar fáil ar an réimse taighde a bhfuil spéis léirithe aige/aici ann. Rachaidh iarrthóirí sásúla i mbun taighde faoi mhaoirseacht bha(i)ll acadúla lánaimseartha de chuid an chláir. Beidh scrúdú agus torthaí an chláir bunaithe ar chaighdeán an taighde agus an Mhórthráchtais a chuirfidh an mac léinn ar fáil.
|
Réimsí Taighde
|
Tá iarratais á lorg faoi láthair ó chéimithe a bhfuil suim acu tabhairt faoi shainchlár taighde i gceann de na réimsí thíosluaite:
|
Deiseanna Gairme
|
Tá deiseanna gairme an-mhaith ann do chéimithe an chláir seo; tá oscailtí maithe ann i gcónaí do thaighdeoirí oilte atá in ann réitigh a chumadh agus a sholáthar do riachtanais teicneolaíochta earnálacha éagsúla, sa bhreis ar dheiseanna taighde agus forbartha (R & D) gairmiúla. Cothóidh an clár seo deiseanna comhairleoireachta, teagaisc agus deiseanna leanúint leis an taighde acadúil do chéimithe an chláir seo.
|
Nasc díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
|
Tuilleadh Eolais
|
An Dr Seathrún Ó Tuairisg,
Fón: +353 95 32834
|
