Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA71
|
Leibhéal an chúrsa
|
9
|
Fad an chúrsa
|
Páirtaimseartha: Dhá bhliain acadúla
|
Líon áiteanna atá ar fáil
|
20
|
Achoimre |
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint cúrsa M.A. (Teagasc Teangacha - Gaeilge) do mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus Galltachta. |
Cur síos ar an gClár |
Clár páirtaimseartha thar dhá bhliain atá i gceist. Tá ocht modúl sa chúrsa teagaisc agus roinntear idir dhá sheimeastar iad. Clúdaítear gach gné de cheird an mhúinteora teanga lena n-áirítear: teoiricí insealbhaithe agus foghlaim na chéad agus an dara teanga; modheolaíochtaí teagaisc teanga; an cur chuige machnamhach; dearadh agus seachadadh ceachtanna Gaeilge sa seomra ranga; éagsúlacht chumais agus riachtanais foghlaimeoirí; ceisteanna pleanála agus polasaí don Ghaeilge agus don churaclam. Tugtar léargas ar chleachtadh an teagaisc agus ar eispéireas na foghlama i gcomhthéacs na n-athruithe uile a tháinig ar mhodhanna múinte teanga le deireanas. Tá tráchtas 15,000 focal ar ghné éigin den mhúinteoireacht agus den fhoghlaim le scríobh roimh dheireadh an chláir. |
Ábhar an chláir |
Bliain 1
Bliain 2
|
Céard a deirtear faoin gcúrsa. |
"Cúrsa dúshlánach, spreagúil é seo a chuireas ag machnamh thú faoi staid na Gaeilge inár scoileanna agus faoin todhchaí agus a bhfuil i ndán di." Bairbre Ní Thuairisg, Mac Léinn ar an gcúrsa 2005/2006 |
Aidhm an chúrsa |
Is é aidhm an chúrsa forbairt ghairmiúil i modheolaíochtaí theagasc na Gaeilge a chur ar fáil do mhúinteoirí d’fhonn teagasc agus foghlaim na Gaeilge den scoth a chothú. Eagraítear an cúrsa ar bhonn uaireanta foghlaim-threoraithe, seimineáir, ceardlanna agus taithí phraiticiúil. |
Cuspóirí an chláir |
Ar chríochnú an chúrsa beidh na hiarrthóirí ar an eolas maidir le:
|
Meáchan ECTS |
90 ECTS |
Ionad an chúrsa
|
Beidh an cúrsa seo á thairiscint in dhá ionad (ag brath ar éileamh):
Ionad an Acadaimh,
Ionad an Acadaimh,
|
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó mhúinteoirí a bhfuil ceann acu seo a leanas acu:
|
Critéir roghnaithe
|
|
Próiseas measúnachta
|
Beidh idir mheasúnú leanúnach, mhiontionscadail agus phortfóilió múinteoireachta le cur i gcrích ag gach foghlaimeoir. Beidh tráchtas 15000 focal le scríobh chomh maith.
|
Taithí oibre
|
Beidh gá le cleachtadh oibre le linn an chúrsa i gcás iarrthóirí nach bhfuil fostaithe mar mhúinteoirí i rith thréimhse an chúrsa.
|
Iarratas a dhéanamh
|
Déan iarratas ar líne, le do thoil, ag an suíomh http://www.pac.ie/ D’fhéadfadh athrú teacht ar spriocdháta an chúrsa. Tá eolas cothrom le dáta faoi spriocdháta na gcúrsaí uile le fáil ar an suíomh seo a leanas http://www.pac.ie/ nó http://www.acadamh.ie/
|
Nasc díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh |
Tuilleadh Eolais
|
Peadar Mac Muiris,
Fón: +353 91 495299
|
| Tá bróisiúr an M.A. (Teagasc Teangacha - Gaeilge) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |
![]() |
