Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA85
| ||||||||||||||||||||||||
Leibhéal an chúrsa
|
9
| ||||||||||||||||||||||||
Fad an chúrsa
|
Bliain acadúil lánaimseartha amháin i gcás an Dioplóma Iarcheime; bliain féilire amháin i gcás an M.A.
| ||||||||||||||||||||||||
Líon áiteanna atá ar fáil
|
12
| ||||||||||||||||||||||||
Dáta tosaithe
|
6 Meán Fómhair 2010
| ||||||||||||||||||||||||
Cur síos ar an gclár
|
Clár lánaimseartha atá i gceist a ritheann thar bhliain acadúil amháin i gcás an Dioplóma Iarchéime agus thar bhliain iomlán amháin (Meán Fómhair go Lúnasa) i gcás an MA, agus is trí Ghaeilge atá an clár á chur ar fáil. Déantar dianchleachtadh ar cheird na hateangaireachta le linn an chúrsa. Is iad an Ghaeilge, an Béarla, an Fhraincis agus an Ghearmáinis atá á dtairiscint i mbliana mar theangacha gníomhacha agus éighníomhacha ateangaireachta sa chlár seo. Is Gaeilge agus/nó Béarla a bheas mar theanga ghníomhach ag na mic léinn.
| ||||||||||||||||||||||||
Ábhar an chláir
|
* I gcás an MA amháin
| ||||||||||||||||||||||||
Aidhmeanna agus
|
Tá aitheantas ag an nGaeilge mar theanga oifigiúil de chuid an Aontais Eorpaigh ón 1 Eanáir 2007. Tá poist mhaithe ateangaireachta agus aistriúcháin le fáil anois in institiúidí an AE do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge ar cheann dá dteangacha feidhme; is é aidhm an chláir seo mic léinn a oiliúint i sainscileanna ghairm na hateangaireachta comhdhála agus an t-eolas sainiúil a bhaineann leis an ngairm sin, ionas go mbeidh ar a gcumas na deiseanna fostaíochta ateangaireachta a bhaineann leis an nGaeilge a thapú. Tá an clár seo bunaithe ar an gCéim Mháistreachta Eorpach in Ateangaireacht Chomhdhála clár a forbraíodh i gcomhar le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh agus atá á chur ar fáil in 18 dtír san Eoraip. Is é seo an t-aon chlár dá leithéid atá ar fáil in Éirinn.
| ||||||||||||||||||||||||
Meáchan ECTS
|
60 ECTS a bhaineann leis an Dioplóma Iarchéime, 90 ECTS san iomlán a bhaineann leis an MA.
| ||||||||||||||||||||||||
Ionad an chúrsa
|
Ionad an Acadaimh,
| ||||||||||||||||||||||||
Riachtanais iontrála
|
Beidh céim onóracha 2:2 chomh maith le sáreolas ar an nGaeilge agus ar an mBéarla riachtanach chun áit a fháil ar an gclár. Chomh maith leis sin, beifear ag súil go mbeidh na nithe seo a leanas ag baint leis na hiarrthóirí uile:
| ||||||||||||||||||||||||
Critéir roghnaithe
|
Beidh ar iarrthóirí tabhairt faoi thriail infheidhmeachta agus agallamh chun a n-oiriúnacht don chlár a mheas, agus caithfidh siad pas a fháil iontu sin chun áit a fháil ar an gclár.
| ||||||||||||||||||||||||
Cáiliú don M.A.
|
Caithfear 60% san iomlán a bhaint amach i modúil an Dioplóma Iarchéime le bheith i dteideal tabhairt faoin MA.
| ||||||||||||||||||||||||
Deiseanna fostaíochta
|
Tá deiseanna maithe fostaíochta ar fáil do dhaoine a mbeidh an clár seo déanta acu. Tá both iomlán ateangaireachta dá cuid féin le bheith ag an nGaeilge i bParlaimint na hEorpa i gceann cúpla bliain, agus poist lánaimseartha ar ardchaighdeán mar ateangairí ann dá réir. Daoine a mbeidh cáilíocht ón gcúrsa seo acu, beidh an-seans go deo acu ar na poist sin. Tá obair le fáil d’ateangairí ní hamháin san Aontas Eorpach ach anseo in Éirinn freisin; éilítear seirbhísí ateangaireachta ag comhdhálacha, tionóil agus féilte in Éirinn.
| ||||||||||||||||||||||||
Iarratas a dhéanamh ar an gcúrsa
|
Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne tríd an Lár-Ionad Iarratais Iarchéime (PAC). GYA85 an cód cuí PAC.
| ||||||||||||||||||||||||
Nasc díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
| ||||||||||||||||||||||||
Tuilleadh eolais
|
Susan Folan,
Fón: +353 91 869102
|
| Tá bróisiúr an M.A. / Dioplóma Iarchéime (Ateangaireacht Chomhdhála) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |
![]() |
