Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA73
|
Leibhéal an chúrsa
|
8
|
Fad an chúrsa
|
Bliain acadúil lánaimseartha amháin
|
Líon áiteanna atá
|
15
|
Achoimre
|
Cuirtear na mic léinn in oiriúint do mhargadh na cumarsáide trí scileanna teanga, craoltóireachta, taighde, iriseoireachta, ríomhaireachta, agus ceardaíocht phraiticiúil a mhúineadh dóibh.
|
Cur síos ar an gClár
|
Is cúrsa oiliúna praiticiúil i scileanna raidió nó teilifíse é an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach. Múintear na scileanna a bhaineann leis an dá mheán seo trí bhéim ar leith a leagan ar an oiliúint phraiticiúil. Ón gcéad lá, cothaítear atmaisféar inar féidir leis an mac léinn feidhmiú go hiomlán trí mheán na Gaeilge. Cuirtear an mac léinn in oiriúint do mhargadh na cumarsáide trí scileanna teanga, craoltóireachta, taighde, iriseoireachta, agus ríomhaireachta a mhúineadh dó/di. Cuirfidh an mac léinn eolas ar mhargadh na craoltóireachta trí cleachtadh agus thaithí oibre, agus beidh saineolaithe ón margadh sin mar aoiléachtóirí ócáideacha ar an gcúrsa agus deis acu aithne a chur ar na mic léinn.
|
Ábhar an chláir
|
Bliain 1
|
Céard a deirtear faoin gcúrsa.
|
" Léargas iontach ar na Meáin Chumarsáide Gaeilge.Thaithin an bhliain go mór liom."
Laura Ní Cheallaigh ADCF, 2000/01. Buaiteoir gradam IFTA, 2005
|
Aidhmeanna agus
|
Tá sé i gceist go bhfaighidh an mac léinn oiliúint phraiticiúil, trí mheán na Gaeilge, go leibhéal iontrála an mhargaidh i réamhléiriú, léiriú agus iarléiriú don teilifís nó don raidió. Ina theannta sin, gheobhaidh mic léinn scileanna Gaeilge agus oifige mar aon le heolas ar dhlí na meán; nithe atá riachtanach chun aghaidh a thabhairt ar an margadh.
|
Meáchan ECTS
|
60 ECTS
|
Ionad an chúrsa
|
Ionad an Acadaimh,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. |
Riachtanais iontrála
|
Gaeilge líofa agus bunchéim i ndisciplín ar bith. Bheadh sé inmholta portfóilió a chur ar fáil ina mbeadh léargas ar shaothar foilsithe nó craolta an iarrthóra.
|
Critéir roghnaithe
|
Measfar iarrthóirí ar a gcumas Gaeilge, ar chaighdeán a gcéime agus ar an bportfóilió a chuirfidh siad ar fáil. Ina theannta sin, cuirfear san áireamh suim na n-iarrthóirí in ábhair an chúrsa agus oiriúnacht na n-iarrthóirí do ghairm na craoltóireachta. D’fhéadfadh go mbeadh ar iarrthóirí dul faoi agallamh. Déantar rogha idir an Sruth Raidió agus an Sruth Teilifíse roimh thús an chúrsa. Tá discréid ag an Stiúrthóir Acadúil maidir leis an rogha seo a chur ar fáil, ag brath ar an líon mac léinn a roghnaíonn gach sruth. Is gá go mbeadh ar a laghad seisear sásta tabhairt faoi aon mhodúl díobh sin sula gcuirfear an modúl sin ar fáil.
|
Próiseas measúnachta
|
Caithfidh gach mac léinn scrúduithe scríofa agus praiticiúla a dhéanamh chomh maith le miontionscadail i ngrúpaí, cleachtadh / taithí oibre agus tionscadal pearsanta. Beidh scrúduithe praiticiúla ann faoi Nollaig agus i mí an Mheithimh. Ní foláir an tionscadal agus tuairiscí eile a leagan isteach roimh thús na tréimhse taithí oibre i Seimeastar II. Cuirfear iomlán na dtorthaí faoi bhráid Bhord Scrúduithe an tsamhraidh. Ní bheidh scrúduithe fómhair i gceist.
|
Taithí oibre
|
Cuid lárnach den chúrsa is ea cleachtadh agus taithí oibre. Tá tréimhse de chleachtadh oibre i Seimeastar I agus tréimhse ceithre seachtaine de thaithí oibre ag deireadh Sheimeastar II, dlite ar gach mac léinn. Féachtar leis an láthair taithí oibre a aimsiú sa Ghaeltacht nó le heagraíocht a bhíonn ag feidhmiú trí Ghaeilge, agus déantar iarracht a chinntiú go mbíonn an taithí oibre dírithe ar réimse spéise an mhic léinn.
|
Deiseanna Fostaíochta/gairme
|
I measc na n-áiteanna ar fostaíodh mic léinn de chuid an ADCF iontu tá: TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foinse, RTÉ, BBC Thuaisceart Éireann, Ros na Rún, Telegael, TV3, Magma European Scripthouse, Nemeton, Abú Media.
|
Iarratas a dhéanamh
|
Déan iarratas ar líne, le do thoil, ag an suíomh
http://www.pac.ie/ D’fhéadfadh athrú teacht ar spriocdháta an chúrsa. Tá eolas cothrom le dáta faoi spriocdháta na gcúrsaí uile le fáil ar an suíomh seo a leanas
http://www.pac.ie/ nó
http://www.acadamh.ie/
|
Nasc Díreach
|
http://www.pac.ie/oegaillimh
|
Tuilleadh Eolais
|
Rónán Ó Dubhthaigh,
Fón: +353 91 595802
|
| Tá bróisiúr an Ard-Dioplóma sna Dána (Cumarsáid Fheidhmeach) ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |
![]() |
