Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GYA75
|
Leibhéal an chúrsa
|
9
|
Fad an chúrsa
|
Páirtaimseartha: Dhá bhliain acadúla
|
Líon áiteanna atá
|
15
|
Achoimre
|
Is cúrsa i gcleachtas agus i dteoiric na drámaíochta atá san Ard-Dioplóma sa Drámaíocht. Tugann sé oiliúint i réimsí praiticiúla na drámaíochta, ag leagan béime ar leith ar an aisteoireacht agus ar an léiriú, chomh maith le léargas a thabhairt ar stair agus litríocht na drámaíochta. An chéad cháilíocht tríú leibhéal sa drámaíocht sa tír trí mheán na Gaeilge.
|
Cur síos ar an gClár
|
Is é an tArd-Dioplóma sna Dána (Drámaíocht) an chéad cháilíocht tríú leibhéal sa drámaíocht sa tír trí mheán na Gaeilge. Is cúrsa cuimsitheach é a thugann léargas ar phróiséas na drámaíochta ina iomláine ó dhráma a scríobh go dráma a chur ar stáitse. Tá béim ar an aisteoireacht sa chúrsa, go mór mór ar an aisteoireacht fhisiciúil agus ar an aisteoireacht ghrúpa. Tá béim freisin ar an drámaíocht san oideachas mar gheall ar an mborradh atá ar an réimse seo faoi láthair na huaire. Ag deireadh an chúrsa, cuireann na mic léinn dráma ar stáitse.
|
Ábhar an chláir
|
Bliain 1
Bliain 2
Tá sé éigeantach seal taithí oibre 3 seachtaine a dhéanamh in earnáil na drámaíochta nó in earnáil ghaolmhar mar chuid den chúrsa
|
Céard a deirtear faoin gcúrsa.
|
" Léamh, scríobh agus breathnú ar dhrámaí; ag cur barr feabhais ar an aisteoireacht, léirmheastóireacht agus plé, céard eile a bheadh uait, más suim leat an Amharclannaíocht"
"Taitníonn an cúrsa seo go mór liom. Tá éagsúlacht ábhair an-mhaith ar fáil ar an gcúrsa rud a dhéanann an-suimiúil é i gcomparáid le cúrsaí eile. Mholfainn go mór an cúrsa seo." Sorcha Ní Chéide (aisteoir) " Is cúrsa drámaíochta cuimsitheach é an cúrsa Ard-Dioplóma sa Drámaíocht. Tá an-éagsúlacht sa gcúrsa agus tá muid ag fáil seans go leor scileanna nua a fhoghlaim idir aisteoireacht, scríbhneoireacht, léirmheastóireacht, agus cur lena n-eolas ar stair na drámaíochta agus na hamharclannaíochta. Má thaitníonn Gaeilge agus drámaíocht leat agus má tá dúshlán nua uait mholfainn tabhairt faoin gcúrsa. Tá sé iontach."
Máirín Uí Choileáin (múinteoir meánscoile)
|
Aidhmeanna agus
|
|
Meáchan ECTS
|
60 ECTS
|
Ionad an chúrsa
|
Ionad an Acadaimh,
An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe. |
Riachtanais iontrála
|
Bunchéim in aon ábhar nó ar a laghad 5 bliana taithí oibre in earnáil na drámaíochta nó in earnáil ghaolmhar le caighdeán sásúil sa réamhagallamh agus sa réamhscrúdú. Caithfear portfóilió a réiteach a chlúdóidh: CV, liosta de do thaithí oibre drámaíochta/ aisteoireachta le dátaí agus litir mholta ag díriú ar do thaithí drámaíochta / aisteoireachta.
|
Critéir roghnaithe
|
Taithí, tuairimí agus díograis.
*Caithfidh cumas sásúil Gaeilge, idir thuiscint, labhairt agus scríobh, a bheith ag iarratasóirí. Cuirfear réamhagallamh agus réamhscrúdú ar iarratasóirí. |
Próiseas measúnachta
|
Measúnú leanúnach ar bhonn tionscnamh praiticiúil, cur i láthair agus aistí.
|
Deiseanna Fostaíochta/gairme
|
Tá an-lear deiseanna fostaíochta do chéimithe le drámaíocht sa lá atá inniu ann ní hamháin i réimse na drámaíochta ach i réimse an oideachais, réimse na cumarsáide, réimse obair shóisialta agus réimse thaighde ollscoile. Samplaí de phoist a d’fhéadfadh a bheith ar fáil do chéimithe ná post mar aisteoir (stáitse agus teilifíse), léiritheoir, teicneoir, scríbhneoir, iriseoir nó áisitheoir drámaíochta i scoileanna.
|
Iarratas a dhéanamh
|
Déan iarratas ar líne, le do thoil, ag an suíomh
http://www.pac.ie/ D’fhéadfadh athrú teacht ar spriocdháta an chúrsa. Tá eolas cothrom le dáta faoi spriocdháta na gcúrsaí uile le fáil ar an suíomh seo a leanas
http://www.pac.ie/ nó
http://www.acadamh.ie/
|
Nasc díreach
|
|
Tuilleadh eolais
|
Marianne Ní Chinnéide,
Fón; +353 91 595101
|
| Tá an bróisiúr Ard-Dioplóma sa Dramaíocht ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. | ![]() |
