Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Cód PAC
|
GY108
| ||||||||
Leibhéal an chúrsa
|
8
| ||||||||
Fad an chúrsa
|
Ceithre bliana, lánaimseartha
| ||||||||
Pointí CAO 2009
|
240 | ||||||||
Líon áiteanna atá
|
20
| ||||||||
Achoimre
|
Is cúrsa ceithre bliana é an B.A. sa Riarachán Gnó atá á thairiscint ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn. Reáchtálfar é trí mheán na Gaeilge in Ionad an Acadaimh, Gaoth Dobhair, Contae Dhún na nGall.
| ||||||||
Céard a deirtear faoin gcúrsa.
|
"Cúrsa ceithre bliana atá anseo agus is é atá mar aidhm againn na scileanna praiticiúla agus anailíseacha a theastaíonn le feidhmiú i ngnó agus timpeallacht riaracháin dhátheangaigh a thabhairt dár gcéimithe."
"Le blianta beaga anuas, tá méadú as cuimse tagtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in eagraíochtaí atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht agus lasmuigh den Ghaeltacht. Is léir mar sin gur féidir le céimithe an chúrsa céime seo a bheith ag súil le deiseanna iontacha fostaíochta amach anseo."
Éamonn Mac Niallais, Riarthóir Ionad Ghaoth Dobhair, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Francesca Leonardi
| ||||||||
Deiseanna
|
Le roinnt blianta, tá méadú suntasach tagtha ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in eagraíochtaí a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht agus ar fud na tíre. Mar thoradh air seo, tá éileamh ar chéimithe a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu agus atá ábalta feidhmiú go héifeachtach i dtimpeallacht ghnó agus riaracháin dhátheangaigh. I measc na n-eagraíochtaí atá i gceist tá eagraíochtaí san earnáil phoiblí (ar nós An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta), san earnáil chraolacháin (ar nós RTÉ Raidió na Gaeltachta agus TG4), san earnáil ghnó sa Ghaeltacht, san earnáil oideachais, san earnáil Ghaeilge agus san earnáil phobail. Ina theannta sin, beidh éileamh leanúnach ar dhaoine le Gaeilge chun dul ag obair in eagraíochtaí stáit mar thoradh ar fheidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla.
| ||||||||
Aidhmeanna agus cuspóirí
|
Is é aidhm an chúrsa seo oiliúint a chur ar fáil do chéimithe a thabharfaidh na scileanna praiticiúla agus anailíse dóibh, atá de dhíth chun dul ag obair i réimse an ghnó agus an riaracháin dhátheangaigh. Sa chéad agus sa dara bliain, tabharfar oiliúint phraiticiúil do mhic léinn i mbunscileanna cumarsáide, gnó agus teicneolaíochta agus tabharfar léargas dóibh ar theoiricí gnó agus ar ról an Stáit, an phobail agus na teanga i sochaí na hÉireann. Sa tríú bliain, gheobhaidh siad taithí luachmhar oibre nó beidh deis acu leanúint lena gcuid staidéir in ollscoil thar lear. Sa cheathrú bliain, déanfaidh mic léinn plean gnó/taighde agus cuirfidh siad barr feabhais ar a gcuid scileanna riaracháin agus gnó
| ||||||||
Riachtanais Iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Grád C3 (Ard-Leibhéal) bainte amach acu i nGaeilge agus in ábhar amháin eile, agus Grad D3 nó os a chionn bainte amach acu i cheithre ábhar eile i scrúdú na hArdteistiméireachta, le Béarla agus teanga eile san áireamh.
| ||||||||
Ábhar an chláir
|
| ||||||||
Breisoideachas
|
Ar chríoch an chúrsa seo beidh deis ag mic léinn dul ar aghaidh agus cúrsaí breise a dhéanamh ag leibhéal iarchéime. Tá an MA sa Phleanáil Teanga á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (GYA76/GYA72 ag
http://www.pac.ie/)
| ||||||||
Iarratas
|
http://www.cao.ie/index.php?ln=i
| ||||||||
Tuilleadh eolais
|
Éamonn Mac Niallais,
Fón: +353 74 9531919
|
| Tá Réamheolaire Fochéime ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF. | ![]() |
