Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Is comhchúrsa idir Roinn na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an chéim seo.Tá an cúrsa seo á chur ar fáil mar gheall ar an bhforbairt atá tagtha le tamall anuas ar an aistriúchán mar réimse léinn, gnó agus fostaíochta agus de bhrí go mbeidh tábhacht bhreise le cáilíochtaí agus scileanna aistriúcháin sa todhchaí. Tabharfar deis do mhic léinn sa chéim seo dhá ábhar a bhfuil gaol nádúrtha eatarthu - Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin - a thabhairt le chéile faoi aon chéim ollscoile amháin. Reáchtálfar an cúrsa seo ar phríomhchampas na hOllscoile i gCathair na Gaillimhe. |
Cód CAO
|
GY107
| ||||||||
Leibhéal an chúrsa
|
8
| ||||||||
Fad an chúrsa
|
4 bliana
| ||||||||
Líon áiteanna atá
|
15
| ||||||||
Pointí CAO 2011
|
405
| ||||||||
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Grád B3 (Ardleibhéal) bainte amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla acu, chomh maith le Grád D3 nó os a chionn i gceithre ábhar eile i scrúdú na hArdteistiméireachta, teanga eile san áireamh.
| ||||||||
Achoimre
|
| ||||||||
Céard a deir mic léinn faoin gcúrsa.
|
Is cúrsa iontach é seo; bhain mé an-tairbhe as. D'oibrigh Léann an Aistriúcháin agus an Ghaeilge as lámha a chéile, rud a chuir go mór leis an tuiscint atá agam anois ar an dá ábhar. Máirtín Ó Donnchadha - An Dara Bliain
| ||||||||
Aidhmeanna agus cuspóirí
|
| ||||||||
Deiseanna Fostaíochta
|
Tá an-éileamh anois ar dhaoine a bhfuil cáilíocht aitheanta acu i réimse an aistriúcháin. Tá sé seo amhlaidh mar gheall ar stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre san Aontas Eorpach, agus na riachtanais atá ar eagraíochtaí stáit in Éirinn faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tabharfaidh an chéim seo seans duit post maith a bhaint amach in earnáil an aistriúcháin nó in eagraíochtaí a fheidhmíonn trí Ghaeilge.
| ||||||||
Ábhar an chláir
|
| ||||||||
Breisoideachas
|
Tá cúrsaí máistreachta sa Ghaeilge, i Léann an Aistriúcháin, san Aistriúchán Reachtaíochta agus Dlí agus san Ateangaireacht Chomhdhála á dtairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
| ||||||||
Iarratas
|
http://www.cao.ie/index.php?ln=i
| ||||||||
Tuilleadh eolais
|
Áine Nic Niallais,
Fón: +353 (0) 91 495 429
|
| Tá Réamheolaire Fochéime ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF anseo. |

