Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
|
| ||||||||
Leibhéal an chúrsa:
|
8
| ||||||||
Fad an chúrsa:
|
4 bliana
| ||||||||
Líon áiteanna atá
|
20
| ||||||||
Pointí CAO 2009
|
340
| ||||||||
Riachtanais iontrála:
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Grád C3 (Ardleibhéal) bainte amach acu i nGaeilge agus in ábhar amháin eile, agus Grád D3 nó os a chionn bainte amach acu i gceithre ábhar eile i scrúdú na hArdteistiméireachta, le Béarla agus teanga eile san áireamh.
| ||||||||
Achoimre
|
Is cúrsa ceithre bliana é an B.A. (Cumarsáid) agus is é aidhm an chúrsa ná tú a chumasú don ré dhigiteach sna meáin, ina mbeidh teicneolaíochtaí cumarsáide ag teacht le chéile mar bhunchloch don tsochaí úr – sochaí an eolais. Déanfar sin trí shárscileanna praiticiúla a thabhairt duit san iriseoireacht, sa léiriú teilifíse agus raidió, agus sna hilmheáin. Déanfar do chumas teanga sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, a fhorbairt chun go sealbhóidh tú na scileanna teanga cuí le feidhmiú go gairmiúil sa mhargadh.
| ||||||||
Céard a deir mic léinn faoin gcúrsa.... |
“Is aoibhinn an áit í Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chun forbairt agus foghlaim a dhéanamh trí mheán na Gaeilge i gcroílár na craoltóireachta Gaeilge ar an gCeathrú Rua. Is cosúil le clann beag muid agus gach duine ag cabhrú agus ag comhrá lena chéile. Bíonn na léachtóirí i gcónaí ar fáil chun comhairle ar bith a chur orainn agus bíonn na daltaí ag meascadh lena chéile agus ag spreagadh a chéile. Bíonn deiseanna den scoth ar fáil do na scoláirí atá ag freastal ar an Acadamh go háirithe ó tharla go bhfuil TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeltachta in aice linn. Bíonn atmaisféar álainn i gcónaí san Acadamh agus i mo thuairimse ceapaim go bhfuil sé sin fíorthábhachtach i saol an choláiste.”
| ||||||||
Aidhmeanna agus cuspóirí
|
| ||||||||
Deiseanna Fostaíochta
|
Tá éileamh ar chéimithe oilte cumarsáide i mórán réimsí de na meáin, den mhargaíocht agus den chaidreamh poiblí. Ina measc tá: RTÉ; TG4; RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC; nuachtáin náisiúnta agus áitiúla; raidió agus teilifís áitiúil; agus cuideachtaí léirithe neamhspleácha.
| ||||||||
Ábhar an chláir
|
| ||||||||
Breisoideachas
|
Ar chríochnú an chúrsa seo dóibh, beidh deis ag mic léinn dul ar aghaidh agus cúrsaí breise a dhéanamh ag leibhéal iarchéime. Tá an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach (Raidió & Teilifís) á thairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
| ||||||||
Iarratas
|
http://www.cao.ie/index.php?ln=i
| ||||||||
Tuilleadh eolais
|
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua, Gaillimh. Fón: +353 91 595802 Facs: +353 91 595041 R-phost: cumarsaid oegaillimh.ie
Idirlíon: http://www.oegaillimh.ie/acadamh |
| Tá Réamheolaire Fochéime ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF. | ![]() |
