BA (Gaeilge FHEIDHMEACH) (Páirtaimseartha)
Cur síos ar an gclár
Cúrsa eisceachtúil an chéim seo sa Ghaeilge Fheidhmeach. Is é seo an t-aon chlár in Éirinn ina bhfuil céim sa Ghaeilge á tairiscint trí mheán na foghlama cumaiscthe. Is í aidhm na céime spéis an mhic léinn i saol agus léann na Gaeilge a mhúscailt agus a threisiú.
Fágann modh seachadta an chúrsa go mbeidh deis ag mic léinn ar scoth an teagaisc ach nach mbeidh ualach míréasúnta taistil orthu. Tá an chéim á tairiscint ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, idir Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus
Roinn na Gaeilge.
Cé air a bhfuil an chéim seo dírithe?
Foghlaimeoirí lánfhásta is mó a bhainfidh tairbhe as an gcúrsa seo. Tabharfar aitheantas do mhic léinn a bhfuil teastas nó dioplóma faighte acu cheana. Cuirfear fáilte freisin roimh dhaoine a roghnaíonn tabhairt faoi mhodúil aonair. Is féidir leat cáilíocht a bhaint amach anois de réir a chéile agus de réir mar a fheileann duitse.
Cáilíocht a bhainfear amachBronnfar céim (NQAI leibhéal 8) ar
mhic léinn a chríochnaíonn na ceithre bliana den chúrsa (i.e. 180 ECTS).
Bronnfar creidmheasanna in aghaidh an mhodúil freisin. Sásaíonn an
cháilíocht seo bunchritéir na Comhairle Múinteoireachta i leith
mhúineadh na Gaeilge mar ábhar ardteiste.
|
 |
Buneolas faoin chúrsa
Leibhéal an chúrsa:
Leibhéal 8
Fad an chúrsa:
4 bliana ar bhonn páirtaimseartha
Riachtanais Iontrála:
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu. Beidh grád C3 (ardleibhéal) sa Ghaeilge riachtanach. Sásaíonn sé sin gnáthriachtanais iontrála na hOllscoile.
Is féidir le hiarratasóirí a bhíonn os cionn 21 bliain d’aois an 1 Eanáir den bhliain iontrála, iarratas a dhéanamh mar fhoghlaimeoirí lánfhásta. Sa chás seo, ní gá go mbeadh an Ardteist riachtanach. Cuirfear iarratasóirí faoi agallamh agus bunófar an toradh ar chumas cumarsáide an iarratasóra san agallamh sin.
Líon mac léinn:
60
Táille Bhliantúil:
€3055
Táille in aghaidh an mhodúil (5ECTS):
€340
Tús an chúrsa:
Meán Fómhair 2013
Cé mar a dhéanfar an chéim a sheachadadh?
Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar cheithre bliana agus bainfear leas as foghlaim chumaiscthe lena tairiscint. Déanfar an clár a theagasc ar bhonn modúil. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála féin. Cuirfear ábhar na modúl ar fáil ar-líne go seachtainiúil. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar-líne trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé freisin. Sa chéad agus sa dara bliain den chéim seachadfar na ranganna teanga in ionaid de chuid na hollscoile agus in ionaid áirithe eile ar fud na tíre ag brath ar éileamh.
Cuimseoidh siollabas an chláir:
- ceartúsáid na teanga;
- cúrsaí litríochta;
- béaloideas agus stair chultúrtha;
- gnéithe den aistriúchán agus den iriseoireacht.
An Córas Measúnachta
Caithfidh mic léinn a bheith páirteach i ndíospóireachtaí agus fóraim phlé ar-líne i rith na bliana acadúla. Measúnófar na modúil uile ar bhonn aonarach. De ghnáth bunófar na measúnuithe seo ar imeachtaí i rith an mhodúil chomh maith le haiste nó togra scríofa ag deireadh an seimeastair.
Deiseanna Fostaíochta i réimse na Gaeilge
Bíonn éileamh ar chéimithe le Gaeilge Fheidhmeach sna réimsí seo:
- Aistriúchán
- Na meáin chumarsáide – TG4, Raidió na Gaeltachta
- Eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta
- Margaíocht agus cumarsáid
- An earnáil oideachais
- An Státseirbhís agus Údaráis Áitiúla
- An earnáil phobail agus ghnó
Lacáiste Cánach
Tugann na Coimisinéirí Ioncaim faoiseamh canach do tháillí teagaisc ar an gcúrsa
seo. Tuilleadh eolais le fáil ar
http://www.revenue.ie/ga/tax/it/leaflets/it31.html
Modúil an Chúrsa
Déanfar an clár a theagasc trí fhoghlaim chumaisc ar bhonn modúlach. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá stíl mhaireachtála agus d'aon tiomantais eile a bheidh orthu ó thaobh ama de. Cuirfear ábhar priontáilte agus ábhar ar-líne ar fáil do gach modúl. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas dóibh ag seisiúin éagsúla aghaidh-ar-aghaidh. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar-líne freisin trí úsáid a bhaint as ríomhphost agus fóraim phlé mar mhalairt air sin.
|
Bliain 1 |
Bliain 2
|
- Cruinneas na Gaeilge
- Scileanna Staidéir
- An Prós Comhaimseartha
- Stair na Meán Gaeilge
- Caitheamh Aimsire agus Siamsaíocht na nDaoine
- An Ghaeilge i saol na tíre
- Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta
- An Scríbhneoireacht Acadúil
|
- Cruinneas na Gaeilge
- Litríocht chomhaimseartha na Gaeilge
- Na hEalaíona Traidisiúnta
- Stair an Aistriúcháin
- Forbairt Phobail
|
|
Bliain 3 |
Bliain 4 |
- Cruinneas na Gaeilge
- Litríocht thraidisiúnta na Gaeilge
- Aistriúchán Feidhmeach Téacsanna
- Teicneolaíochtaí na Meán
|
- Cruinneas na Gaeilge
- Litríocht na hImirce
- Eagarthóireacht agus Léamh Profaí
- An tSochtheangeolaíocht
- Togra taighde
|
Láthair
Na hionaid ina mbeidh na ranganna teanga ar siúl go seachtainiúil (ag brath ar éileamh):
- Campas na hOllscoile, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe.
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Páirc Ghnó an Údaráis, Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall.
- Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna, Co. Na Gaillimhe.
- Inis
- Cora Droma Rúisc
- Caisleán an Bharraigh
- Ráth Cairn
- Béal Feirste
- Baile Átha Cliath
- Ciarraí
- Ceatharlach
Tuilleadh eolais
Éamon Ó Cofaigh
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Fón: 353 91 493802
R-phost:
eamon.ocofaigh
oegaillimh.ie
Idirlíon:
www.oegaillimh.ie/acadamh
Fiona de Paor
Roinn na Gaeilge
Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
Gaillimh
Fón: 353 91 492564
R-phost:
fiona.depaor
oegaillimh.ie
Idirlíon:
www.oegaillimh.ie/gaeilge
Foirm Iarratais
Bróisiúr