Number of places available
|
20
|
Duration of Course
|
Cúrsa lánaimseartha 8 mí ( Deireadh Fómhair - Bealtaine)
|
Course overview
|
-
Cur ar chumas na n-iarrthóirí scríobh agus labhairt go cruinn trí mheán na Gaeilge - Leibhéal Dioplóma sa Ghaeilge
-
Oiliúint a chur ar na hiarrthóirí sna meáin nua / Teicneolaíocht na Faisnéise agus i gcumarsáid éifeachtach
-
Cur le deiseanna acadúla na n-iarrthóirí
-
Cur le deiseanna fostaíochta na n-iarrthóirí
-
Deis a thabhairt do na hiarrthóirí oideachas foirmiúil a fháil
-
Deis a thabhairt do na hiarrthóirí a ngnó gairmiúil a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge
|
Aims and Objectives
|
- Oideachas athdheise a chur ar fáil do réimse leathan iarrthóirí le cúlraí éagsúla
- Scileanna labhartha agus scríofa sa Ghaeilge a thabhairt do na hiarrthóirí a chuirfidh ar a gcumas a ngnó gairmiúil a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge
- Cur le cumas na n-iarrthóirí an Ghaeilge a shealbhú sa tslí go mbeidh siad inniúil ar chumarsáid éifeachtach a dhéanamh sa teanga
- Léargas a thabhairt do na hiarrthóirí ar chultúr agus ar shaíocht Ghaelach na hÉireann
- Meon dearfach i leith na Gaeilge a chothú sna hiarrthóirí a neartóidh a n-iompar Gaeilge sa saol mór
- Tuiscint a chothú sna hiarrthóirí ar Cheart na Gaeilge
- Cur le féinmhuinín na n-iarrthóirí le cur ar a gcumas obair a aimsiú i réimse na nua-theicneolaíochta in oifig nó a comhionann
|
ECTS rating
|
30 ECTS
|
Entry requirements
|
- Pas i scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteistiméireachta
- agus / nó caighdeán réasúnta maith bainte amach i scríobh agus i labhairt na Gaeilge agus caighdeán a shásaíonn na critéir atá socraithe ag Stiúrthóir Acadúil an Chúrsa
|
Sponsorship
|
- FÁS – íoctar liúntas leis na mic léinn
|
Course location
|
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
An Cheathrú Rua
Co. na Gaillimhe
|
Assessment
|
- Measúnuithe leanúnacha
- Scrúduithe deireadh bliana
|
Course outline
|
|
Gaeilge |
Ríomhaireacht |
| Oiliúint i scríobh agus labhairt na Gaeilge ar comhchaighdeán le Dioplóma sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh |
Eolas cuimsitheach ar gach gné a bhaineann le húsáid éifeachtach an ríomhaire chomh maith le scileanna churaclam na dteastas atá luaite leis an gcúrsa |
|
Scileanna Oifige & Riaracháin |
Éifeacht Phearsanta |
- Úsáid fearas Oifige
- Scileanna Cumarsáide
- Bainistiú Comhad
- Obair as do stuaim féin
- Litreacha, preasráitis, meamraim 7rl
- Scileanna praiticiúla sa Bhéarla
|
Iarrthóirí a réiteach don saol oibre trí:
- Iompar agus teacht i láthair a mbeifí ag súil leis ó dhaoine a bhíonn ag freastal ar an bpobal.
- Eolas conas déileáil go héifeachtach le daoine aonair, grúpaí, coistí 7rl
- Scileanna agallaimh, CV a réiteach 7rl
|
|
Taithí Oibre |
|
Taithí oibre i gcomhlacht gairmiúil Gaeltachta ina bhfaighidh na hiarrthóirí deis tairbhe a bhaint as na scileanna atá acu agus scileanna nua a fhorbairt.
|
|
Career
Opportunities
|
- Oiliúint acadúil / phraiticiúil i labhairt agus i scríobh na Gaeilge
- Oiliúint phraiticiúil sa chumarsáid agus i gcur i láthair éifeachtach
- Taithí oibre i gcomhlacht Gaeltachta agus teagmháil le fostóirí Gaeltachta
- Deis leanúint ar aghaidh le cúrsaí tríú leibhéal eile agus cur lena ndeiseanna fostaíochta
- Comhairle / treoir agus tacaíocht tar éis chríoch an chúrsa i leith deiseanna fostaíochta
Tá roinnt mhaith de na rannpháirtithe fostaithe le comhlachtaí gairmiúla ar fud na Gaeltachta
|
Certificate
|
- Dioplóma sa Ghaeilge – OÉ Gaillimh
- Teastas i bhFeidhmiúcháin Ríomhaire, OÉ Gaillimh
- Ceadúnas Eorpach Tiomána Ríomhairí (ECDL)
|
Further information/Application
|
Baba S Uí Loingsigh,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Co. na Gaillimhe.
Fón: 00 353 91 595101 / 595038
Facs: 00 353 91 595041
R-phost:
baba.uiloingsigh oegaillimh.ie
|