Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Teastas / Dioplóma sna Dána (Léann an Traidisiúin)
|
Tréimhse an chúrsa
|
Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain Ollscoile (Meán Fómhair go hAibreán sa dá bhliain) Leagtar amach an cúrsa ar cheann de na bealaí seo a leanas: 3 huaire an chloig oíche den tseachtain
| ||||||||||||||
Tús an chúrsa |
Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é seo, beidh an dara bliain den chúrsa ar siúl i mbliana (2011-2012) agus dá bhrí sin ní bheifear ag cur tús le cúrsa nua i gConamara i mbliana. Beidh cúrsa nua ag tosú i mí Mheán Fómhair i nGaoth Dobhair. | ||||||||||||||
Cur síos ar
|
Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine ar spéis leo oiliúint a fháil ar a gcultúr dúchais agus sa Bhéaloideas. Cuireann an cúrsa béim ar chaitheamh aimsire traidisiúnta, ar shlite beatha traidisiúnta bainteach le muir agus tír, ar an scéalaíocht, agus ar nósanna agus tuiscintí eile de chuid na muintire. Anuas air sin, pléitear an dearcadh atá ag daoine i leith an Bhéaloidis agus an Dúchais agus na bealaí ina maireann agus ina gclaochlaítear gnéithe díobh sa chultúr comhaimseartha. Tá an cúrsa á chur ar fáil ag Scoil na Gaeilge agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. | ||||||||||||||
Aidhmeanna agus
|
| ||||||||||||||
Meáchan ECTS
|
30 ECTS
| ||||||||||||||
Riachtanais iontrála
|
Caighdeán sásúil Gaeilge agus spéis san ábhar.
| ||||||||||||||
Urraíocht |
Seasfar táille an chláir don mhac léinn. Lena chois sin, tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil do mhic léinn. Tá níos mó eolais ar fáil sa nasc "Tacaíocht do Mhic Léinn Triú Leibhéil" faoi "Cúrsaí" ar chlé.
| ||||||||||||||
Ionaid an chúrsa
|
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Carna, Co. na Gaillimhe. Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaoth Dobhair, Doirí Beaga, Co. Dhún na nGall. | ||||||||||||||
Próiseas measúnaithe
|
Sraith de thionscnaimh ghearra i bhfoirm aistí agus bailiúchán.
| ||||||||||||||
Ábhar an chláir
|
| ||||||||||||||
Spriocghrúpa
|
Tá an cúrsa seo dírithe go speisialta ar dhaoine ar spéis leo a gcultúr dúchais agus an Béaloideas. Ina theannta sin bhainfeadh daoine ar spéis leo forbairt phobail & turasóireacht chultúrtha tairbhe as an gcúrsa seo, mar aon leo siúd a mbíonn baint acu le cúrsaí oidhreachta go ginearálta. Bheadh sé feiliúnach freisin d’ealaíontóirí cruthaitheacha ar mhaith leo inspioráid a fháil ón gcultúr traidisiúnta.
| ||||||||||||||
Eolas breise
|
Tabharfar aitheantas don chúrsa 'Teastas i mBéaloideas na hÉireann’ mar Bhliain 1 den Dioplóma agus ceadófar dóibh siúd a bhfuil an teastas sin bainte amach acu freastal ar Bhliain II den Dioplóma.
| ||||||||||||||
|
Dónal Ó Droighneáin,
Fón: 00 353 95 32834
|
