Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Líon áiteanna atá ar fáil
|
20
|
Ag tosú
|
Meán Fómhair 2010
*Rachaidh na cúrsaí ar aghaidh ag brath ar éileamh sásúil. |
Cur síos ar an gclár
|
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge acu cheana féin. Tá siollabas an chúrsa seo bunaithe ar chaighdeán agus ar leibhéal C2 mar atá leagtha amach i bhFráma Tagartha an Chomhchreata Eorpaigh.
|
Misean
|
Is é misean an chúrsa dhá bhliain seo forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga an mhic léinn, a bhfuil caighdeán ard sa Ghaeilge aige nó aici cheana féin.
|
Aidhmeanna agus
|
|
Meáchan ECTS
|
30 ECTS
|
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil ardchaighdeán sa Ghaeilge acu cheana féin.
|
Ionad an chúrsa
|
Reáchtálfar an cúrsa seo in Ionad na Ceathrún Rúa.
|
An cúrsa
|
Tá 16 seachtaine le déanamh sa chéad bhliain agus 20 seachtain sa dara bliain. Beidh trí huaire an chloig teagaisc i gceist gach seachtain. Ina theannta sin, beidh deireadh seachtaine amháin de léachtaí ar Annála na Gaeilge agus na Gaeltachta sa chéad bhliain den chúrsa in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Is féidir an cúrsa seo a dhéanamh taobh istigh de bhliain amháin mar chuid de chúrsa scileanna ríomhaireachta atáthar a reáchtáil i gcomhar le FÁS in Ionad na Ceathrún Rua. Tá tuilleadh eolais le fáil ó
Baba S. Uí Loingsigh ag 00 353 91 595 101.
|
Ábhar an chláir
|
Bliain 1
Bliain 2
|
Measúnú
|
Déanfar scileanna idir labhairt agus scríobh na mac léinn a thástáil trí mheasúnuithe leanúnacha le linn an chúrsa agus trí scrúduithe deireadh bliana. Ní cheadófar d'iarrthóirí dul faoi scrúdú mura bhfuil 52 uair an chloig de fhreastal déanta acu in aghaidh na bliana. Tá 10% de mharcanna na bliana ag dul don tinreamh.
|
Tuilleadh eolais
|
Caitríona Ní Choirbhín,
Fón: +353 91 495248
|
| Tá bróisiúr Cúrsaí Dioplóma ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF. | ![]() |
| Tá foirm iarratais ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm DOC. | |
| Tá foirm iarratais ar-líne ar fáil anseo. |
