Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal C1)
(Dhá bhliain acadúla páirtaimseartha)
Bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha
Líon áiteanna atá ar fáil
|
Beidh suas le fiche mac léinn ag freastal ar an gcúrsa i ngach ionad ina reáchtálfar é.
|
Ag Tosú
|
Meán Fómhair 2010
*Rachaidh na cúrsaí ar aghaidh ag brath ar éileamh sásúil. |
Cur síos ar an gclár
|
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge C1 thar dhá bhliain (páirtaimseartha) don mhac léinn uile na hOllscoile, d’fhoireann na hOllscoile agus don phobal i gcoitinne.
|
Misean
|
Is é misean an chúrsa scileanna maithe cumarsáide agus scríofa sa Ghaeilge a thabhairt d’iarrthóirí a chuirfidh ar a c(h)umas a g(h)nó gairmiúil a dhéanamh go héifeachtach trí Ghaeilge.
|
Aidhmeanna agus Cuspóirí
|
|
Meáchan ECTS
|
30 ECTS
|
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil leibhéal pas bainte amach acu i scrúdú ardleibhéal Gaeilge na hArdteistiméireachta agus/nó a shásaíonn Stiúrthóir Acadúil an chúrsa nó a (h)ionadaí go bhfuil caighdeán sásúil bainte amach acu i labhairt agus i scríobh na Gaeilge.).
Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh. Féach thíos
.
|
Ionad an chúrsa
|
Cuirfear an cúrsa seo ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in ionaid eile lasmuigh den Ollscoil.
|
An cúrsa
|
Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, atá an cúrsa seo á reáchtáil. Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúil atá i gceist. Beidh deis ag mic léinn freastal ar chúrsa Gaeltachta. Bliain 1: 72 uair an chloig sa bhliain.
Bliain 2: 72 uair an chloig sa bhliain.
Cúig mhodúl atá sa Dioplóma seo. Ní mór do gach mac léinn pas a fháil i ngach modúl chun an Dioplóma a bhaint amach. Is iad na modúil ná:
|
An Córas Measúnachta
|
Seasfaidh mic léinn an chúrsa scrúdú i labhairt agus i scríobh na Gaeilge ag deireadh gach bliana. Ina theannta seo cuirfidh siad portfoilió i dtoll a chéile bunaithe ar ábhair a réitíodh laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.
|
An Scrúdú Cainte
|
Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
|
An Scrúdú Scríofa
|
Ní mór d’iarrthóirí na scrúdaitheoirí a shásamh go bhfuil ar a gcumas scríobh go cruinn sa Ghaeilge. Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
|
Measúnuithe Leanúnacha
|
I rith gach bliana caithfidh iarrthóirí measúnuithe a sheasamh. Bliain 1: Dhá mheasúnú
|
Triail Socrúcháin Teanga
|
Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici. Ceisteanna ilroghnacha atá sa triail seo agus moltar 20 nóiméad don triail.
Cliceáil ar an nasc seo chun tús a chur leis an Triail Socrúcháin Teanga.
|
Tuilleadh eolais
|
Caitríona Leather,
Fón:
+353 91 495248 / +353 91 493061
|
| Tá níos mó eolais faoin Dioplóma sa Ghaeilge Leibhéal C1 le fáil sa cháipéis Word seo. |
| Tá foirm iarratais ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm DOC. |
| Tá foirm iarratais ar-líne ar fáil anseo. |
