Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal B2)
(Dhá bhliain acadúla páirtaimseartha)
Bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha
Líon áiteanna atá ar fáil
|
Cuirfear an cúrsa seo ar fáil in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus in ionaid eile lasmuigh den Ollscoil. Beidh suas le fiche mac léinn ag freastal ar an gcúrsa i ngach ionad ina reáchtálfar é.
|
Ag Tosú
|
Meán Fómhair 2010
*Rachaidh na cúrsaí ar aghaidh ag brath ar éileamh sásúil. |
Cur síos ar an gclár
|
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge
ag tairiscint cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge B2 thar dhá bhliain (páirtaimseartha) do mhic léinn uile na hOllscoile, d’fhoireann na hOllscoile agus don phobal i gcoitinne a bhfuil eolas áirithe acu ar an nGaeilge cheana féin ach nach raibh an deis acu í a úsáid le tamall.
|
Misean
|
Tá sé mar chuspóir ag an gcúrsa seo forbairt agus buanú a dhéanamh ar scileanna teanga an mhic léinn a bhfuil eolas áirithe ar an nGaeilge aige / aici. Déanfar é seo trí úsáid a bhaint as gníomhaíochtaí cumarsáideacha nuálacha agus úsáidfear ábhar dílis i gcónaí (is é sin, cláir theilifíse agus raidió, nuachtáin agus eile) ionas go bhfaighidh an mac léinn léargas ar ghnáthúsáid laethúil na Gaeilge.
|
Aidhmeanna agus
|
|
Meáchan ECTS
|
30 ECTS
|
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ar shuim leo cur lena gcuid eolais ar an teanga. Beidh an cúrsa seo oiriúnach do dhaoine a bhfuil eolas áirithe acu ar an teanga cheana féin (de bharr a dtréimhse scolaíochta in Éirinn, mar shampla).
Ní mór do gach iarrthóir Triail Socrúcháin Teanga a sheasamh. Féach thíos
.
|
Ionad an chúrsa
|
Cuirfear an cúrsa seo ar fáil ar Champas na hOllscoile agus in ionaid sheachtracha freisin, ag brath ar éileamh
|
An cúrsa
|
Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge , Ollscoil na hÉireann Gaillimh atá an cúrsa seo á reáchtáil. Cúrsa páirtaimsearta thar dhá bhliain acadúil atá i gceist. Tá dhá sheimeastar i mbliain acadúil. Tá 36 uair an chloig de theagasc i ngach seimeastar. Beidh deis ag an mac léinn freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht gach bliain. Ceithre mhodúl atá sa chúrsa seo. Ní mór do gach mac léinn pas a fháil i ngach modúl chun an Dioplóma a bhaint amach.
|
Ábhar an chláir
|
Is iad na modúil ná: Bliain 1 & Bliain 2
|
An Córas Measúnachta
|
Seasfaidh mic léinn an chúrsa scrúdú i labhairt agus i scríobh na Gaeilge ag deireadh gach bliana.
|
An Scrúdú Cainte
|
Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge na n-iarrthóirí trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
|
An Scrúdú Scríofa
|
Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana.
|
Measúnuithe Leanúnacha
|
I rith gach bliana caithfidh na mic léinn measúnuithe a sheasamh. Bliain 1: Dhá mheasúnú
|
Triail Socrúcháin Teanga
|
Cabhróidh an triail seo linn freastal ar riachtanais teanga an fhoghlaimeora trí thástáil a dhéanamh ar an leibhéal teanga atá aige/aici. Ceisteanna ilroghnacha atá sa triail seo agus moltar 20 nóiméad don triail.
Cliceáil ar an nasc seo chun tús a chur leis an Triail Socrúcháin Teanga.
|
Tuilleadh eolais
|
Caitríona Leather,
Fón: +353 91 495248 / +353 91 493061
|
| Tá níos mó eolais faoin Dioplóma sa Ghaeilge Leibhéal B2 le fáil sa cháipéis seo. |
| Tá foirm iarratais ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm DOC. |
| Tá foirm iarratais ar-líne ar fáil anseo. |
