Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Dioplóma sa Ghaeilge (Leibhéal A2)
(Dhá bhliain acadúla páirtaimseartha)
Bunaithe ar Chomhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha
Líon áiteanna atá ar fáil
|
Beidh suas le fiche mac léinn ag freastal ar an gcúrsa i ngach ionad ina reáchtálfar é
|
Ag tosú
|
Meán Fómhair 2010
|
Cur síos ar an gclár
|
Tá Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tairiscint cúrsa Dioplóma sa Ghaeilge A2 thar dhá bhliain (páirtaimseartha) do mhic léinn uile na hOllscoile, d’fhoireann na hOllscoile agus don phobal i gcoitinne nach bhfuil aon réamhthaithí acu ar an nGaeilge.
|
Misean
|
Is é misean an chúrsa seo buntuiscint agus buneolas ar an nGaeilge a thabhairt do rannpháirtithe nach bhfuil aon réamhthaithí acu ar an nGaeilge. Trí mheán an chúrsa seo, déanfar forbairt ar scileanna cumarsáide an mhic léinn agus cuirfear ar a c(h)umas feidhmiú go bunúsach trí mheán na Gaeilge i suímh réadúla laethúla.
|
Aidhmeanna agus
|
|
Meáchan ECTS
|
30 ECTS
|
Riachtanais iontrála
|
Níl aon riachtanais iontrála don chúrsa seo. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine ar shuim leo buneolas a fháil ar an teanga.
|
Ionad an chúrsa
|
Reáchtálfar an cúrsa seo ar Champas na hOllscoile agus in ionaid eile lasmuigh den Ollscoil.
|
An cúrsa
|
Is faoi scáth Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge , Ollscoil na hÉireann, Gaillimh atá an cúrsa seo á reáchtáil. Cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain acadúil atá i gceist. Tá dhá sheimeastar i mbliain acadúil. Tá 10 seachtain i ngach seimeastar. Beidh trí huaire an chloig teagaisc i gceist gach seachtain thar dhá bhliain acadúla chomh maith le deireadh seachtaine amháin sa Ghaeltacht sa dara seimeastar sa dá bhliain. Tá táille sa bhreis ar an gcúrsa deireadh seachtaine. Ceithre mhodúl atá sa chúrsa seo. Ní mór do gach mac léinn pas a fháil i ngach modúl chun an Dioplóma a bhaint amach.
|
Ábhar an chláir
|
Is iad na modúil ná: Bliain 1 & Bliain 2
|
An Córas Measúnachta
|
Seasfaidh mic léinn an chúrsa scrúdú i labhairt agus i scríobh na Gaeilge ag deireadh gach bliana. Ina theannta seo cuirfidh siad portfoilió i dtoll a chéile bunaithe ar ábhair a réitíodh laistigh agus lasmuigh den seomra ranga.
|
An Scrúdú Cainte
|
Déanfar tástáil ar chumas labhartha Gaeilge an mhic léinn trí scrúdú cainte sa chéad agus sa dara bliain.
|
An Scrúdú Scríofa
|
Seasfaidh gach mac léinn scrúdú ag deireadh gach bliana. |
Measúnú
|
Bliain 1
Bliain 2
|
Tuilleadh eolais
|
Caitríona Leather
,
Fón: +353 91 495248 / +353 91 493061
|
|
Tá níos mó eolais le fáil sa cháipéis seo i bhfoirm DOC. |
| Tá foirm iarratais ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm DOC |
| Tá Foirm Iarratais ar-líne anseo. |
