Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Líon áiteanna atá ar fáil
|
20
| ||||||||||
Ag tosú
|
Meán Fómhair 2011
| ||||||||||
Cur síos ar an gclár
|
Is í aidhm an chúrsa seo ná sárscileanna praiticiúla teilifíse a thabhairt do rannpháirtithe, mar aon le scileanna a chuirfidh ar a gcumas, ar chríochnú an chúrsa dóibh, bunphoist a bhaint amach ina gceirdeanna éagsúla i dtionscal na teilifíse Gaeilge. Is iad na scileanna praiticiúla a theagascfar ar an gcúrsa ná:
| ||||||||||
|
Tá an cúrsa seo deartha le bheith feiliúnach do dhaoine a bhfuil leibhéal maith Gaeilge labhartha acu agus a bhfuil suim acu a bheith ag obair i dtionscal na teilifíse agus na físe, agus i gcruthú ábhair Ghaeilge.
| ||||||||||
Meáchan ECTS
|
60 ECTS
| ||||||||||
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge agus Béarla ar a dtoil acu. Ní bheidh bunriachtanais acadúla luaite leis an Dioplóma ach beidh agallamh le déanamh ag iarrthóirí mar chuid den phróiseas roghnaithe
| ||||||||||
Urraíocht
|
Seasfar táille an chláir don mhac léinn. Lena chois sin, tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil do mhic léinn. Tá níos mó eolais ar fáil sa nasc "Tacaíocht do Mhic Léinn Triú Leibhéil" faoi "Cúrsaí" ar chlé. | ||||||||||
Ionad an chúrsa
|
Reáchtálfar an cúrsa seo in Ionad Ghaoth Dobhair
| ||||||||||
Próiseas measúnachta
|
Scrúduithe deireadh seimeastair, mar aon le measúnú leanúnach.
| ||||||||||
Ábhar an chláir
|
| ||||||||||
Tréimhse an chúrsa
|
Reáchtálfar an cúrsa ó Mheán Fómhair go mí an Mheithimh.
| ||||||||||
Tuilleadh eolais
|
An tAonad Cumarsáide,
Fón: +353 74 953 1919
|
| Tá bróisiúr Cúrsaí Dioplóma ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF. | ![]() |
