Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Places available
|
15
|
Start date |
Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é seo, beidh an dara bliain den chúrsa ar siúl i mbliana (2009-2010) agus dá bhrí sin ní bheifear ag cur tús le cúrsa nua i mí Mheán Fómhair.
|
Course overview
|
Roinneann an cúrsa seo scileanna praiticiúla le daoine a chuireann ar a gcumas leas a bhaint as an nuatheicneolaíocht atá de dhíth le déileáil le riachtanais faisnéise, eolais agus chumarsáide na timpeallachta gnó. Faoi dheireadh an chúrsa tuigfidh rannpháirtithe na buanna praiticiúla a bhaineann leis an nuatheicneolaíocht mar acmhainn riaracháin, mar bhealach chun buntáistí iomaíochta a ghnóthú don ghnó agus mar acmhainn fhorbartha dá n-eagraíochtaí féin. Tá gné chianfhoghlama ag baint leis an gcúrsa seo. Cuireann an ghné seo go mór le hoiriúnacht an chúrsa dóibh siúd atá ag obair agus a bhfuil cúraimí eile orthu i rith an lae.
|
Aims and objectives
|
Tá an cúrsa seo deartha le bheith feiliúnach d'iarrthóirí:
|
ECTS rating
|
30 ECTS
|
Entry requirements
|
Cé nach bhfuil aon cháilíocht acadúil riachtanach don chlár seo, tá caighdeán maith oideachais ghinearálta de dhíth. Áirítear air sin caighdeán sásúil labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Ba bhuntáiste an cháilíocht ECDL nó a comhionann, nó taithí in aon ghné d'obair riaracháin, a bheith i seilbh an té a chuirfeadh isteach ar áit ar an gcúrsa. Cuirfear iarrthóirí faoi agallamh lena gcumas agus a ndúthracht a thomhas.
|
|
Scrúdaítear modúil an chúrsa trí scrúdú scríofa ag deireadh seimeastair nó / agus trí mheasúnú leanúnach i gcaitheamh an mhodúil. Maidir le measúnú leanúnach úsáidtear meascán de scrúduithe ranga agus saotharlanna, obair thionscadail, tascanna fadhb-réitigh agus obair ghrúpa. Mar gheall ar an ngné chianfhoghlama a bhaineann leis an gcúrsa bíonn roinnt tascanna le comhlíonadh i gcaitheamh an chláir trí mhodhanna cianfhoghlama ach bíonn stiúradh agus ríomháisitheoireacht ar fáil don mhac léinn ón bhfoireann chuige seo. Reáchtáiltear na scrúduithe scríofa i gcaitheamh mhí na Nollag nó mhí Eanáir agus i gcaitheamh mhí na Bealtaine nó an Mheithimh. |
Sponsorship
|
De thoradh urraíocht fhlaithiúil ó Údarás na Gaeltachta, seasfar táille an chláir do mhic léinn.
|
Course location
|
Reáchtálfar an cúrsa seo in Ionad Charna agus in Ionad Ghaoth Dobhair.
|
Course duration
|
Féadfar léachtaí, ranganna teagaisc, saotharlanna, ceardlanna, aoiléachtaí nó measúnuithe a reáchtáil corruair ar an deireadh seachtaine nó ar thráthnónta eile den tseachtain, tráth a gcinneann comhordaitheoir an chláir i gcomhairle leis an mBord Stiúrtha a leithéid a bheith ag teastáil leis an gclár a fheidhmiú ina iomláine. Reáchtálfar an cúrsa ó Mheán Fómhair go Bealtaine gach aon bhliain.
|
Course outline
|
Bliain 1:
|
Further information
|
Riarthóir an Aonaid Teicneolaíocht Faisnéise,
Fón: +353 95 32834
|
| A PDF of the Diploma Courses brochure is available to download as well as the Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó (Páirtaimseartha) brochure here. | ![]() |
