Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Ag tosú
|
Is cúrsa páirtaimseartha thar dhá bhliain é seo, beidh an dara bliain den chúrsa ar siúl i mbliana (2009-2010) agus dá bhrí sin ní bheifear ag cur tús le cúrsa nua i mí Mheán Fómhair.
|
Líon áiteanna atá ar fáil
|
15
|
Táille
|
€1,750
|
Cur síos ar an gclár
|
Is é an aidhm atá leis an gcúrsa seo ná eolas tosaigh a thabhairt do mhic léinn ar na scileanna is tábhachtaí is gá a bheith ag duine a bhíonn ag aistriú idir an Béarla agus an Ghaeilge agus oiliúint bhunúsach a thabhairt dóibh sna scileanna sin. Tá an cúrsa feiliúnach do dhaoine a bhfuil caighdeán maith Gaeilge agus Béarla acu, idir labhairt agus scríobh na dteangacha sin, agus ar mhaith leo díriú ar an aistriúchán mar shlí bheatha nó scileanna áirithe aistriúcháin a úsáid ina saol oibre. Ba bhuntáiste d'iarrthóirí an Ghaeilge a bheith in úsáid acu ina ngairm bheatha.
|
Meáchan ECTS
|
30 ECTS
|
Riachtanais iontrála
|
Níl céim ag teastáil le háit a fháil ar an gClár. Is gá go mbeadh Ardteistiméireacht, mar aon le Grád B sa Ghaeilge i scrúdú ardleibhéil na hArdteistiméireachta, nó a chothrom sin ag iarrthóirí. Cuir eolas ábhartha maidir le fostaíocht nó cáilíochtaí oideachais ar leathanach breise in éineacht leis an bhfoirm iarratais.
|
Critéir roghnúcháin
|
Beidh scrúdú iontrála le déanamh le háit a fháil ar an gClár.
|
Deiseanna Fostaíochta
|
Is réimse fáis é réimse an aistriúcháin Ghaeilge agus is cosúil go leanfaidh an fás sin de thoradh Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus stádas nua na Gaeilge mar theanga oifigiúil oibre de chuid an Aontais Eorpaigh. Baineann an-fhéidearthacht leis an aistriúchán mar fhéinfhostaíocht, mar shlí bheatha do dhaoine ar mhaith leo bheith ag obair sa bhaile agus mar bhealach chun ioncam breise a ghnóthú.
|
Ionad an chúrsa
|
Reáchtáilfear an cúrsa seo in Ionad na Ceathrún Rua. Reáchtáilfear in ionaid sheachtracha freisin é, i Ráth Chairn, Co. na Mí agus i nGleann Cholm Cille, Co. Dhún na nGall.
|
Ábhar an chláir
|
Bliain 1:
|
Tuilleadh eolais
|
Cassie Ní Chathasaigh,
Fón: +353 91 869022
|
| Tá bróisiúr Cúrsaí Dioplóma ar fáil le híoschóipeáil i bhfoirm PDF. | ![]() |
