Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
Foirm Iarratais |
|
Líon áiteanna atá ar fáil
|
20
|
Ag tosú
|
Meán Fómhair 2011 |
Cur síos ar an gclár
|
Tugann an cúrsa seo deis do dhaoine atá ag iarraidh scileanna praiticiúla a aimsiú le go mbeidh siad in ann an ríomhaireacht a úsáid le tascanna agus cúraimí riaracháin na hoifige agus na heagraíochta comhaimseartha a chur i gcrích go héifeachtach trí mheán na Gaeilge. Leantar cur chuige oiliúna comhtháite, ina mbíonn scileanna teicniúla ríomhaireachta á dteagasc i dteannta scileanna neamhtheicniúla a bhíonn ag teastáil ó riarthóir gairmiúil an lae inniu:
Cúrsa feidhmeach atá i gceist agus tá 25 uair an chloig teagmhála ar an meán i gceist in aghaidh na seachtaine idir léachtaí, ranganna teagaisc, shaotharlanna agus cheardlanna.
|
|
Is fairsing an réimse daoine ar a bhfuil an cúrsa seo dírithe:
|
Meáchan ECTS
|
60 ECTS
|
|
Cé nach bhfuil aon cháilíocht acadúil riachtanach don chlár seo, tá caighdeán maith oideachais ghinearálta de dhíth. Áirítear air sin caighdeán sásúil labhartha agus scríofa sa Ghaeilge. Ba bhuntáiste an cháilíocht ECDL nó a comhionann a bheith i seilbh an té a chuirfeadh isteach ar áit ar an gcúrsa. Cuirfear iarrthóirí faoi agallamh lena gcumas agus a ndúthracht a thomhas. |
|
Scrúdaítear modúil an chúrsa trí scrúdú scríofa ag deireadh seimeastair nó / agus trí mheasúnú leanúnach i gcaitheamh an mhodúil. Maidir le measúnú leanúnach úsáidtear meascán de scrúduithe ranga agus saotharlanna, obair thionscadail agus obair ghrúpa le hinniúlacht an mhac léinn a thomhas, idir thuiscint agus chur amach praiticiúil ar ábhair an chláir. Reáchtáiltear na scrúduithe scríofa i gcaitheamh mhí na Nollag nó mhí Eanáir agus i gcaitheamh mhí na Bealtaine. |
Urraíocht
|
Seasfar táille an chláir don mhac léinn. Lena chois sin, tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil do mhic léinn. Tá níos mó eolais ar fáil sa nasc "Tacaíocht do Mhic Léinn Triú Leibhéil" faoi "Cúrsaí" ar chlé.
|
Ionad an chúrsa
|
Reáchtálfar an cúrsa seo in Ionad Charna agus in Ionad Ghaoth Dobhair
|
Ábhar an chláir
|
Seimeastar 2:
|
Tuilleadh eolais / Iarratas
|
Riarthóir an Aonaid Teicneolaíocht Faisnéise,
Fón: +353 95 32834
Fón: +353 74 9351919
|
| Tá bróisiúr agus foirm iarratais faoi chúrsaí Dioplóma i réimse na Ríomhaireachta ar fáil i bhfoirm PDF anseo. |
