Warning: Your browser doesn't support all of the features in this Web site. Please view our accessibility page for more details.
| Foirm Iarratais Ar-Líne Anseo |
Líon áiteanna atá ar fáil
|
15
|
Fad an chúrsa
|
Lánaimseartha thar bhliain amháin ó Mheán Fómhair go Bealtaine.
|
Táille
|
Seasfar táille an chláir don mhac léinn. Lena chois sin, tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil do mhic léinn. Tá níos mó eolais ar fáil sa nasc "Tacaíocht do Mhic Léinn Triú Leibhéil" faoi "Cúrsaí" ar chlé.
|
Cur síos ar an gclár
|
Tá an cúrsa seo á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Stiúideo Cuan Teo. Reáchtáiltear an Dioplóma i gCóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta ar bhonn lánaimseartha thar bhliain amháin. Tá an cúrsa feiliúnach do cheoltóirí, do dhamhsóirí agus d’amhránaithe ar mhaith leo a gcuid scileanna a fhorbairt sna réimsí seo a leanas: teoiric an cheoil, stair an cheoil agus stáitsiú agus léiriú an cheoil thraidisiúnta.
|
Aidhm an chúrsa
|
Cuirfidh an cúrsa seo le cumas an mhic léinn gairm bheatha a leanúint mar cheoltóir agus mar ealaíontóir traidisiúnta.
|
Meáchan ECTS
|
60 ECTS
|
Riachtanais iontrála
|
Fáilteofar roimh iarratais ó cheoltóirí, ó dhamhsóirí agus ó amhránaithe a bhfuil ar a gcumas an cúrsa a dhéanamh trí Ghaeilge agus a bhfuil spéis acu a bheith ag obair i réimse an cheoil agus na n-ealaíon i gcoitinne. Beidh agallamh agus éisteacht le déanamh mar chuid den phróiseas roghnaithe agus tógfar san áireamh aon réamhthaithí sna healaíona atá ag na hiarrthóirí.
|
Deiseanna Fostaíóchta
|
Cuirfidh an cúrsa seo leis na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do rannpháirtithe an chúrsa i réimse an Cheoil Thraidisiúnta agus cothóidh an cúrsa seo scileanna foirne chomh maith le scileanna cur i láthair atá luachmhar in aon réimse oibre.
|
Ionad an chúrsa
|
|
Ábhar an chláir
|
Tá dhá mhodúl déag sa chúrsa a chlúdaíonn na réimsí seo a leanas:
Mar chuid den chúrsa seo beidh deis ag na mic léinn ceolchoirm a léiriú agus a stáitsiú faoi stiúir léiritheora, treoir a fháil ó cheoltóirí gairmiúla agus deis freisin taithí a fháil ar fheidhmiú stiúideo gairmiúil fuaime.
|
Tuilleadh eolais
|
Marianne Ní Chinnéide
R-phost:
Marianne.nichinneide nó
An Dr Charlie Lennon
R-phost:
charlielennon |
| Tá bróisiúr Cúrsaí Dioplóma ar fáil le n-íoschóipeáil i bhfoirm PDF chomh maith le bróisiúr an Dioplóma sna Dána (Cóiriú agus Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta) |
