Number of places available
|
20
|
Start date
|
Meán Fómhair 2008
|
Course overview
|
Is cúrsa praiticiúil é an Dioplóma seo, a reáchtálfar ar bhonn páirtaimseartha thar aon bhliain amháin do dhaoine ar suim leo an aisteoireacht agus an phuipéadóireacht.
Tá sé feiliúnach do dhaoine a bhfuil spéis acu san aisteoireacht ghairmiúil nó do dhaoine a bhfuil spéis acu san aisteoireacht ar bhonn pearsanta. Tá sé feiliúnach freisin do dhaoine ar mhaith leo é a úsáid ina gcuid oibre féin, mar shampla i réimse an oideachais nó i réimse na n-ealaíon.
Is ar bhonn ceardlainne a reáchtálfar an cúrsa agus cuirfear béim ar chothú muiníne agus cothú na samhlaíochta.
|
Aims and objectives
|
Seo a leanas príomhaidhmeanna an chúrsa seo:
-
Déanfar scileanna aisteoireachta agus puipéadóireachta na rannpháirtithe a fhorbairt, idir aisteoireacht fhisiciúil agus an aisteoireacht thraidisiúnta.
-
Déanfar muinín ar stáitse a chothú.
-
Déanfar an tsamhlaíocht a spreagadh. |
ECTS rating
|
30 ECTS
|
Entry requirements
|
Níl aon riachtanas iontrála don chúrsa seo. Fáilteofar roimh iarratais ó dhaoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu agus suim acu i ndrámaíocht na Gaeilge.
|
Assessment
|
Déanfar measúnú leanúnach i rith an chúrsa.
|
Course location
|
Reáchtálfar an cúrsa seo in
Ionad na Ceathrún Rua agus in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Shailearna, Indreabhán.
|
Course outline
|
Bliain 1:
Aisteoireacht Fhisiciúil 1.
Aisteoireacht Fhisiciúil 2.
Scileanna Puipéadóireachta
Cruthú Dráma I nGrúpaí
Aisteoireacht ar Stíl Stanislavski
|
Further information/Application
|
Marianne Ní Chinnéide,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
An Cheathrú Rua,
Contaena Gaillimhe,
Éire.
Fón: +353 91 869103
Facs: +353 91 595041
R-phost: marianne.nichinneide oegaillimh.ie
Idirlíon: http://www.acadamh.ie/index.html
|