Sealbhú na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal

Reáchtálfaidh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge comhdháil ar cheist an Ghaeloideachais ag an Tríú Leibhéal in Ionad an Acadaimh i nGaoth Dobhair ar 5-6 Deireadh Fómhair 2017.

Is é seo an chéad cheann de shraith comhdhálacha atá beartaithe ag an Acadamh a phléifidh gnéithe éagsúla den ábhar seo.  Díreoidh Comhdháil 2017 ar ábhair oidí agus ar an sealbhú teanga sa Ghaeltacht le linn na dtréimhsí tumoideachais a dtugann siad fúthu mar chuid dá n-oiliúint mar bhunmhúinteoirí agus mar mhúinteoirí dara leibhéal.  

I measc na gceisteanna a chíorfar ag an gComhdháil, tá na leasuithe a theastaíonn – más ann dóibh – ar shiollabas na dtréimhsí Gaeltachta i bhfianaise na n-athruithe atá tagtha ar churaclam na bunscoile.  Pléifear freisin na riachtanais acmhainní teagaisc agus foghlama, chomh maith leis an bhforbairt siollabais a d’fheilfeadh d’ábhair oidí dara leibhéil a thugann faoi thréimhsí Gaeltachta.

Beidh idir chainteanna agus cheardlanna faoi stiúir lucht cleachtais mar chuid de chlár na Comhdhála. Tá clár na comhdhála agus eolas faoi na cainteoirí ar fáil ag an nasc seo: Comhdháil an Acadaimh - 2017.

Ag súil go mbeidh ar do chumas a bheith linn don chomhdháil seo.

Sonraí Teagmhála: comhdhailanacadaimh@oegaillimh.ie