Forléargas ar an gCúrsa

Is cúrsa dhá bhliain atá i gceist leis an Ard-Dioplóma sa Ghaeilge Fheidhmeach atá dírithe go príomha ar mhic léinn a bhfuil céim onóracha bainte amach acu cheana féin i ndisciplín seachas an Ghaeilge ach atá ag iarraidh an Ghaeilge a shaothrú mar ábhar acadúil ag leibhéal 8.
Dearadh ábhar an chláir léinn seo le go dtiocfadh an cháilíocht le riachtanais na Comhairle Múinteoireachta don ábhar curaclaim Gaeilge.
Ag deireadh an chláir seo, beidh an mac léinn ábalta:

  1. Ardchaighdeán Gaeilge idir labhairt agus scríobh (leibhéal B2 ar an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha) a léiriú.
  2. Bunchoincheapa an bhéaloidis a mhíniú agus a léiriú.
  3. Léargas a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le haistriúchán go Gaeilge agus ón nGaeilge.
  4. Stair na meán traidisiúnta agus comhaimseartha a phlé.
  5. Anailís chriticiúil a dhéanamh ar théacsanna liteartha.
  6. Dioscúrsa acadúil a chur i láthair i bhfoirm scríofa i nGaeilge.

Scéim Aisíochta Táillí Múinteoirí

Is féidir le múinteoirí cur isteach ar An Scéim um Aisíoc Táillí Múinteoirí; tá níos mó eolais ar fáil ag an nasc seo: www.teacherfeerefund.com

Leathanach Facebook: https://www.facebook.com/ArdDioplomaGaeilge/

Iarratais agus roghnúchán

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ag úsáid an fhoirm iarratais ar líne anseo.

Eolas faoi na teagascóirí

Riachtanais agus measúnú

Sonraí an chúrsa

Riachtanais iontrála

  • Beidh céim onóracha, nó a comhionann, in ábhar ar bith riachtanach le tabhairt faoin Ard-Dioplóma seo.
  • Ina theannta sin, caithfidh iarrthóirí a léiriú do stiúrthóir an chúrsa go bhfuil cumas sách ard sa Ghaeilge, idir labhairt agus scríobh, acu chun tabhairt faoin gcúrsa go sásúil.

Riachtanais bhreise

Fad an chúrsa

Is 2 bhliain (ar bhonn páirtaimseartha) timthriall an chláir, ach beidh fad an chúrsa ag brath ar na modúil a roghnófar má thabharfar faoi go modúlach.

Dáta tosaithe

Meán Fómhair 2023

Gráid A-leibhéil ()

Líon na mac léinn

30

Spriocdháta

Leibhéal NFQ

8

Modh staidéir

Meáchan ECTS

60

Dámhachtain

Cód CAO

Cód

Imlíne an chúrsa

Bliain 1
  • Cruinneas na Gaeilge 1
  • An Prós Comhaimseartha
  • Stair na Meán Gaeilge
  • Uirlisí an Aistriúcháin agus na Téarmaíochta
  • An Scríbhneoireacht Acadúil

Bliain 2

  • Cruinneas na Gaeilge 2
  • Na hEalaíona Traidisiúnta
  • Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 1
  • Litríocht Chomhaimseartha na Gaeilge 2

Seachadfar an clár ar bhonn páirtaimseartha thar dhá bhliain agus bainfear leas as foghlaim chumaisc chun é a thairiscint. Déanfar an clár a theagasc ar bhonn modúil aonair. Tabharfar deis d’fhoghlaimeoirí a gclár ama agus a n-ualach oibre a chur in oiriúint dá gcúinsí maireachtála féin. Cuirfear ábhar na modúl ar fáil ar líne go seachtainiúil. Tabharfaidh na teagascóirí tacaíocht agus aiseolas ag ceardlanna míosúla ar champas na hOllscoile. Tabharfaidh siad tacaíocht agus aiseolas ar líne do mhic léinn ar an ríomhphost agus ar fhóram plé freisin. Sa chéad agus sa dara bliain den Ard-Dioplóma, beidh na ranganna teanga ar siúl in ionaid de chuid na hOllscoile agus in ionaid áirithe eile ar fud na tíre ag brath ar éileamh.

Breisoideachas

Beidh deiseanna ag mic léinn a bhaineann an tArd-Dioplóma seo amach leanúint dá gcuid staidéir ar an nGaeilge ar an MA sa Léann Teanga, an MA sa Nua-Ghaeilge, MA i Léann an Aistriúcháin nó an MA san Ateangaireacht Chomhdhála.

Cén fáth a roghnófá an cúrsa seo?

Deiseanna fostaíochta

Tabharfaidh an tArd-Dioplóma seo cáilíocht aitheanta sa Ghaeilge do mhic léinn, cáilíocht a chuirfidh go suntasach lena gcuid deiseanna fostaíochta, san earnáil oideachais go háirithe. Beidh deiseanna freisin ag mic léinn oibriú sna meáin chumarsáide, sa tseirbhís phoiblí, in earnáil an aistriúcháin agus san earnáil phobail.

Cé dó a fheileann an cúrsa seo?

Torthaí foghlama

Socrúchán oibre

Staidéar thar lear

Eagraíochtaí gaolmhara mac léinn

Táillí an chúrsa

Táillí: AE

€3,177 sa bhliain 2022/23

Táillí: Teagasc

Táillí: Tobhach na mac léinn

€56

Táillí: Neamh AE

€3,177 sa bhliain 2022/23

Táille in aghaidh an mhodúil (5 ECTS) - €530

Scéim Aisíochta Táillí Múinteoirí
Is féidir le múinteoirí cur isteach ar An Scéim um Aisíoc Táillí Múinteoirí; tá níos mó eolais ar fáil ag an nasc seo: www.teacherfeerefund.com

Tuilleadh eolais

An Dr Dorothy Ní Uigín,
Riarthóir Theagasc na Gaeilge,
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge,
Ollscoil na Gaillimhe.
T: +353 91 493493
R: dorothy.niuigin@ollscoilnagaillimhe.ie